Ailbhe Nic Giolla Chomhaill
Is mac léinn dochtúireachta í Ailbhe Nic Giolla Chomhaill atá i mbun staidéir ar an bhéaloideas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Rugadh agus tógadh i nGaoth Dobhair, i nGaeltacht Thír Chonaill, í agus tá sí ag cur fúithi i gCathair na Gaillimhe ón bhliain 2002. Tá bunchéim aici sa Ghaeilge agus sa Fhraincis, maraon le Máistreacht sa Nua-Ghaeilge, ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Dornán breá scéalta ó Sheanadh Farracháin i nDúiche Sheoighe curtha in eagar ag Ailbhe Nic Giolla Chomhaill, agus cur síos breá ar thraidisiún na scéalaíochta sa phobal sin. Bhí sé mar bhunaidhm ag Coimisiún Béaloideasa Éireann, a bunaíodh sa bhliain 1935, béaloideas na tíre a bhailiú agus a chaomhnú ionas go mbeadh sé ar fáil go forleathan do lucht acadúil agus don phobal i gcoitinne. Is é atá sa leabhar seo ná staidéar ar thraidisiún na scéalaíochta mar a léirítear é san ábhar a bailíodh faoi Scéim na Scol i scoil amháin, Scoil Náisiúnta Sheanadh Farracháin i nGaeltacht Dhúiche Sheoigheach.